Cé hé féin? Dúnmharfóir contúirteach a mharaigh an cara is fearr a bhí aige? Andúileach drugaí? Nó – más fíor do na nuachtáin – an dá rud, b’fhéidir? Seo cuid de na ceisteanna atá le freagairt ag Eoghan Ó Broin a dhúisíonn i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh. Gan aige ach brionglóidí aisteacha agus iardhearcaí scanrúla, tá sé ag iarraidh míreanna mearaí a shaoil a chur le chéile arís.
Foilsithe ag Cois Life